Question Title

* 1. Léirigh an bhfuil tú ag cur na haighneachta seo:

Question Title

* 2. Tabhair le fios: 

Rannpháirtíocht le hobair an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta

Question Title

* 3. Tabhair breac-chuntas ar do phríomhréimsí rannpháirtíochta le hobair an Údaráis.

Na sochair a bhaineann le hobair an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta

Question Title

* 4. Cé na gníomhaíochtaí sonracha de chuid an Údaráis a chreideann tú go bhfuil luach faoi leith leo? 

An Timpeallacht Sheachtrach Amach Anseo

Question Title

* 5. Cé na hathruithe seachtracha a bheidh tábhachtach as seo go ceann 3–6 bliana dar leat, athruithe ar cheart dóibh an chéad Ráiteas Straitéise eile a bheidh ag an Údarás a threorú?

Moltaí don chéad Ráiteas Straitéise eile

Question Title

* 6. Cé na bearta straitéiseacha ar cheart tús áite a thabhairt dóibh dar leat sa chéad Ráiteas Straitéise eile a bheidh ag an Údarás?

Saincheisteanna Eile

Question Title

* 7. An bhfuil aon saincheist eile a bhaineann leis an gcéad Ráiteas Straitéise eile a bheidh ag an Údarás atá ábhartha dar leat?

Go raibh míle maith agat as na ceisteanna sin a fhreagairt. Beidh gach freagra aonair faoi rún daingean agus déanfar anaithnid iad in aon anailís. Má theastaíonn uait aighneacht níos mionsonraithe a dhéanamh, is féidir leat í sin a chur ar ríomhphost chuig Indecon Economic and Strategic Consultants atá ag cabhrú leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta an chéad ráiteas straitéise eile a fhorbairt. Seol ríomhphost chuig an Dr Ronnie O’Toole, Páirtí, Indecon at rotoole@indecon.ie.

 

Fógra Príobháideachais

Is mian linn a chur in iúl duit gur fhostaigh an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta Indecon Economic and Strategic Consultants mar phróiseálaí sonraí chun cabhrú leis an tseirbhís seo a chur ar fáil. Gheofar aiseolas ón gcomhairliúchán poiblí trí shuirbhé a phróiseálfaidh Indecon Economic and Strategic Consultants. Mar a leagtar amach in Airteagal 28 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR), gníomhóidh Indecon Economic and Strategic Consultants ar threoir an Údaráis chun sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ar ár son. Lena linn sin, beidh Indecon Economic and Strategic Consultants faoi réir na n-oibleagáidí troma cosanta sonraí céanna, nó níos mó, agus a bhíonn an tÚdarás chun a chinntiú go seastar le bunphrionsabail GDPR. Áireofar d’ainm agus do shonraí teagmhála ríomhphoist leis na sonraí a bhaileofar, má chinneann tú iad sin a thabhairt. Scriosfaidh an tÚdarás agus Indecon Economic and Strategic Consultants na sonraí a luaithe a fhoilsítear an Ráiteas Straitéise. Coinneofar an aighneacht, dár gcuid taifead. Tabhair faoi deara go bhféadfadh aon aighneacht a dhéanann tú a bheith ina ábhar iarratais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. D’fhéadfaí aighneachtaí agus torthaí an Chomhairliúcháin Phoiblí a chur ar fáil ag céim níos deireanaí de phróiseas forbartha na straitéise, agus d’fhéadfaí iad a fhoilsiú ar mhaithe le trédhearcacht; folófar sonraí teagmhála nó pearsanta má dhéantar amhlaidh.

Tá tuilleadh eolais le fáil ón ráiteas príobháideachais ar shuíomh gréasáin an Údaráis, https://www.hsa.ie/eng/Privacy/, ina dtugtar eolas breise faoi do chearta mar ábhar sonraí (lena n-áirítear sonraí faoin gceart rochtana, an ceart chun ceartú, an ceart chun scriosta, an ceart go gcuirfí srian le próiseáil, an ceart chun agóide). Má mheasann tú gur sáraíodh do chuid ceart, tá sé de cheart agat gearán a chur faoi bhráid Choimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann (www.dataprotection.ie). Má tá tuilleadh eolais uait, nó má theastaíonn rochtain ar do shonraí pearsanta uait, téigh i dteagmháil le: An tOifigeach Cosanta Sonraí, An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, An Foirgneamh Cathrach, Sráid James Joyce, Baile Átha Cliath 1, nó seol ríomhphost chuig dpo@hsa.ie.

T